Festival Schedule
FÉILE AR LÍNE DE SCANNÁIN LITEARTHA ATÁ LÁN DE DHRAÍOCHT
NUALA NÍ DHOMNAILL
DATES
10 & 17
Nollaig / December
Time: 2.00pm
SAOR IN AISCE/FREE
AGALLAMH 1: NUALA NÍ DHOMNAILL
Fathach filíochta í Nuala Ní Dhomhnaill. Cíortar an béaloideas, an mhiotaseolaíocht, athruithe cultúir agus teanga, feimineachas agus gnéasúlacht sna cnuasaigh Ghaeilge uaithi, An Dealg Droighin, Féar Suaithinseach, Feis agus Cead Aighnis.
Nuala Ni Dhomhnaill is a towering figure in Irish literature, and her four collections in Irish – An Dealg Droighin, Féar Suaithinseach, Feis and Cead Aighnis – explore themes of folklore, mythology, cultural and linguistic shift, femininity and sexuality.
AGALLAMH 2: BIDDY JENKINSON
File den scoth í Biddy Jenkinson (ainm cleite) mar is eol do chách, chomh maith le bheith ina gearrscéalaí agus ina drámadóir. I measc na leabhar uaithi tá Baisteadh Gintlí, Mis, Oíche Bhealtaine agus Sceilg na Scál. Deirtear mar gheall uirthi ar an suíomh Portráidí:’ Braitheann an t-údar seo nach ann di. I ngeall air sin bíonn ainm cleite in úsáid aici. Nuair a bhíonn sí ag scríobh is cinnte nach mbíonn sí istigh léi féin agus nuair nach mbíonn sí ag scríobh ní bhíonn sí istigh léi féin ach oiread’.
Biddy Jenkinson (a pseudonym) is a remarkable poet, short story writer and dramatist. Her books include Baisteadh Gintlí, Mis, Oíche Bhealtaine and Sceilg na Scál. Of her the Irish Times has commented: ‘There is hardly a genre that Jenkinson hasn’t tried, and her range is broad enough that there is something in it to please everyone, from modern mythology to slapstick short stories and forays into crime and detective fiction. She is a jester, a shapeshifter and a polymath.’



